An seachtain seo, léamar dán le Uinsionn Ó Domhnaill, 'An Deoch Is Fearr'. Bhíomar ag caint faoi na deochanna is maith linn agus d'fhoghlaimíomar an dán véarsa ar véarsa. Féach ar an dán thíos:
Cupán tae
Is maith liom é,
Am ar bith
I rith an lae.
Cupán caife
I ndiaidh a deich,
Is tá mise réidh
Do rud ar bith.
Cupán bainne
Le mo lón
Am ar bith
Thart fá nóin.
Cupán cócó,
Roimh am luí,
Codail go sámh
Ar feadh na hoíche.
Ansin, ar an Déardaoin, rinneamar ealaín bunaithe ar an dán. Tharraing gach duine cupáin agus ansin, chuireamar dath orthu le péint. Bhaineamar úsáid as marcóir chun iad a chríochnú inniu. Cad a cheapann tú? Nach bhfuil siad go hálainn?!