Chanamar amhrán 'An bhfaca tú mo Sheamaisín?' le déanaí. Amhrán traidisiúnta is ea é. Bhaineamar an-spórt as é a chanadh sa rang! Is féidir leat éisteacht leis an t-amhrán anseo ar YouTube. Féach ar na liricí thíos:
An bhfaca tú mo Shéamaisín,
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín,
An bhfaca tú mo Shéamaisín,
Is é ag dul síos an bóthar?
Níl bróg ná stoca ar a dhá choisín,
A dhá choisín, a dhá choisín,
Níl bróg ná stoca ar a dhá choisín,
Níl hata air ná cóta.
Ag dul ar scoil tá Séamaisín,
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín,
Ag dul ar scoil tá Séamaisín,
Is a leabhairín buí ina phóca.
Ar a dhroim tá máilín beag,
Tá máilín beag, tá máilín beag,
Ar a dhroim tá máilín beag,
Is a lóinín ann is dócha!
An bhfaca tú mo Shéamaisín,
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín,
An bhfaca tú mo Shéamaisín,
Is é ag dul síos an bóthar?